Logo

    gaeilge

    Explore "gaeilge" with insightful episodes like "S2 Episode 3 An Sipoa Glas Tutorial", "Ar Rud Atá i nDán Duit le Máire Burns", "Camchuairt le Déirdre Ní Grianna (Gaeilge)", "An Cloigeann le Seán Ó Dúrois" and "Sámhnas Shábha le Máire Dinny Wren" from podcasts like ""Aghabullogue NS Podcast", "Bláth na dTulach", "Bláth na dTulach", "Bláth na dTulach" and "Bláth na dTulach"" and more!

    Episodes (75)

    Ar Rud Atá i nDán Duit le Máire Burns

    Ar Rud Atá i nDán Duit le Máire Burns
    Scéal thar a bheith tráthúil agus réadúil é seo le Máire Burns ina nochtar an t-uaigneas agus an eagla a mhothaigh go leor daoine i rith na paindéime. Ach in ainneoin na himní, cuidíonn an phríomhcharachtair sa scéal seo linn an gáire agus blaisín maith den áiféis a aimsiú sa domhan úr ina maireann muid. Arna léamh ag an tAthair Brian Ó Fearraigh agus curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin.

    Camchuairt le Déirdre Ní Grianna (Gaeilge)

    Camchuairt le Déirdre Ní Grianna (Gaeilge)
    Scéal mistéireach faoi thuras trí dhúichí deoranta, áit a gcastar le duine de sheans a thugann oscailt súl agus ábhar machnaimh don phríomhcharachtar. Tá an scéal fíorspéisiúil seo le Déirdre Ní Grianna á léamh ag an aisteoir Conallach Mairéad Dinny Ní Ghallchóir, agus ina dhiaidh, tá comhrá bríomhar leis an eagarthóir Réaltán Ní Leannáin ina spíonann siad an scéal agus fiosraíonn siad na téamaí agus an tírdhreach cultúrtha as a dtagann sé.

    An Cloigeann le Seán Ó Dúrois

    An Cloigeann le Seán Ó Dúrois
    Tógann an scéal físiúil seo le Seán Ó Dúrois siar muid go dtí an Ré Dhorcha, áit a bhfuil ard-ealaín agus ard-cheardaíocht ag maireachtáil taobh le taobh leis an bhrúidiúlacht mharfach. Coinníonn an scéalaí ar fionraí muid tríd an scéal ... an bhfuil muid ar thuras i dtreo an tsolais nó an gcaitear siar níos faide muid sa dorchadas? Á léamh ag an aisteoir agus scríbhneoir clúiteach Niall Mac Eachmharcaigh le comhrá bríomhar faoin scéal ina dhiaidh.

    Sámhnas Shábha le Máire Dinny Wren

    Sámhnas Shábha le Máire Dinny Wren
    Éist le léamh tuisceanach Charmel Ní Bhriain ar an scéal “Sámhnas Shábha” le Máire Dinny Wren agus a comhrá bríomhar le Réaltán Ní Leannáin ina dhiaidh.

    Scéal é seo a thugann léargas mothálach ar shaol mná i ndeireadh a laetha i lár na paindéime, a léiríonn cuid den tragóid phearsanta a d’fhulaing teaghlaigh go ciúin i rith na tréimhse suaithí seo.

    Teacht Slán le Proinsias Mac a' Bhaird

    Teacht Slán le Proinsias Mac a' Bhaird
    Tá scéal cumhachtach ó Phroinsias Mac a’ Bhaird againn daoibh an mhí seo, á léamh ag Aodán Ó Cearbhaill agus á chur i láthair ag Réaltán Ní Leannáin.

    Sa scéal seo, déanann iascaire óg a dhícheall a theacht chun réitigh le heachtraí tromchúiseacha a thiteann amach ina shaol, eachtraí b’fhéidir a tharla de bharr a chuid aicsin nó a easpa aicsin féin.

    Bréaga - le hIarla Mac Aodha Bhuí

    Bréaga - le hIarla Mac Aodha Bhuí
    Is í Marina Nic Giolla Bhríde atá linn san eagrán seo agus í ag léamh an scéil 'Bréaga' le hIarla Mac Aodha Bhuí. Déanann sí féin agus Réaltán Ní Leannáin an scéal a phlé ina dhiaidh i gcomhrá bríomhar suimiúil.

    Is scríbhneoir bisiúil é Iarla Mac Aodha Bhuí. Tá idir ghearrscéalta, ailt, úrscéal nó dhó, leabhair eachtraíochta do dhaoine óga, léirmheastóireacht agus aistriúcháin scríofa aige thar na blianta. Is scéal nua-aimsire é 'Bréaga' ina bhfuil neart uisce faoi thalamh ann a thugann spás don léitheoir na bearnaí a líonadh isteach.

    Tony Devlin

    Tony Devlin

    Labhair muid le Tony Devlin, aisteoir agus duine de bhunaitheoirí Brassneck Theatre Company, faoi thuras aisteoireachta s’aige, scéal Brassneck agus todhchaí na hearnála in Iarthar Bhéal Feirste.

    Logo

    © 2024 Podcastworld. All rights reserved

    Stay up to date

    For any inquiries, please email us at hello@podcastworld.io