Logo

    gearrscã©al

    Explore "gearrscã©al" with insightful episodes like "Banríon an Dóchais le Seán Ó Muireagáin", "Ar Deoraíocht", "Imram le Róise Ní Bhaoill", "Soineann le hEithne Ní Ghallchobhair" and "Cócó le Máire Zepf" from podcasts like ""Bláth na dTulach", "Bláth na dTulach", "Bláth na dTulach", "Bláth na dTulach" and "Bláth na dTulach"" and more!

    Episodes (8)

    Banríon an Dóchais le Seán Ó Muireagáin

    Banríon an Dóchais le Seán Ó Muireagáin
    Cothaíonn beirt fhear cairdeas úr eatarthu féin agus iad ag dul siar in aois, cé gur ó chúlraí éagsúla iad. Déanann siad pleananna móra le chéile ach caidé mar a éiríodh leis na pleananna sin... Scéal éadrom le Seán Ó Muireagáin, á léamh anseo ag Dónall Mac Giolla Chóill, le comhrá bríomhar ina dhiaidh le Réaltán Ní Leannáin.

    https://blath-na-dtulach.com/banrion-an-dochais/

    Ar Deoraíocht

    Ar Deoraíocht
    Scéal croíúil Nollag é seo a thagann chugainn tríd shúile chailín óig a bhfuil a saol athruithe go hiomlán ag eachtraí nach bhfuil aon smacht aici féin orthu. Lán de spiorad na Nollag, tógfaidh an scéal beag seo do chroí. Scéal le Síle Uí Ghallchóir, léite anseo ag Caoimhe Nic Lochlainn.

    Imram le Róise Ní Bhaoill

    Imram le Róise Ní Bhaoill
    Tugann teagmháil theagmhasach le strainséir nach raibh sí ag dréim leis i mbusáras i dtír choimhthíoch ar an scéalaí í féin a cheistiú go domhain nuair a chluineann sí scéal ó bhéal duine nach bhfuil leath chomh hádhúil léi féin. Scéal láidir a théann i bhfeidhm ar an léitheoir mar an gcéanna leis an scéalaí, á léamh anseo ag Caoimhe Ní Chonchoille.

    Soineann le hEithne Ní Ghallchobhair

    Soineann le hEithne Ní Ghallchobhair
    Scéal prósfhilíochta le hEithne Ní Ghallchobhair ina ndéanann sí ceiliúradh liriceach ar mhóimintí áthais agus dúiseachta i saol pháiste óig. Inniúchadh céadfach trí theanga agus trí fhoclaíocht ar an domhan trí shiúile shoineanta an pháiste. Arna léamh ag Sinéad de Gallaí.

    Cócó le Máire Zepf

    Cócó le Máire Zepf
    Bean stuama céillí í Eibhlinn Nic Ruairí ach cuireann geáitsí místuama a comharsa brú ar an fhoighde fhadfhulangach atá aici nuair a thagann sí ’na bhaile le peata úr. Sa scéal éadromchroíoch seo ó Mháire Zepf, atá léite dúinn ag Deirdre Learmont, feictear bean i ndeireadh na péice ag seasamh go docht in aghaidh na seafóide – ach an dtéann sí rófhada leis?

    Sámhnas Shábha le Máire Dinny Wren

    Sámhnas Shábha le Máire Dinny Wren
    Éist le léamh tuisceanach Charmel Ní Bhriain ar an scéal “Sámhnas Shábha” le Máire Dinny Wren agus a comhrá bríomhar le Réaltán Ní Leannáin ina dhiaidh.

    Scéal é seo a thugann léargas mothálach ar shaol mná i ndeireadh a laetha i lár na paindéime, a léiríonn cuid den tragóid phearsanta a d’fhulaing teaghlaigh go ciúin i rith na tréimhse suaithí seo.

    Bréaga - le hIarla Mac Aodha Bhuí

    Bréaga - le hIarla Mac Aodha Bhuí
    Is í Marina Nic Giolla Bhríde atá linn san eagrán seo agus í ag léamh an scéil 'Bréaga' le hIarla Mac Aodha Bhuí. Déanann sí féin agus Réaltán Ní Leannáin an scéal a phlé ina dhiaidh i gcomhrá bríomhar suimiúil.

    Is scríbhneoir bisiúil é Iarla Mac Aodha Bhuí. Tá idir ghearrscéalta, ailt, úrscéal nó dhó, leabhair eachtraíochta do dhaoine óga, léirmheastóireacht agus aistriúcháin scríofa aige thar na blianta. Is scéal nua-aimsire é 'Bréaga' ina bhfuil neart uisce faoi thalamh ann a thugann spás don léitheoir na bearnaí a líonadh isteach.
    Logo

    © 2024 Podcastworld. All rights reserved

    Stay up to date

    For any inquiries, please email us at hello@podcastworld.io