Logo

    litrã­ocht

    Explore "litrã­ocht" with insightful episodes like "Imram le Róise Ní Bhaoill", "Maeirí le Réaltán Ní Leannáin" and "Maggie, Girl agus an Stoirm" from podcasts like ""Bláth na dTulach", "Bláth na dTulach" and "Bláth na dTulach"" and more!

    Episodes (3)

    Imram le Róise Ní Bhaoill

    Imram le Róise Ní Bhaoill
    Tugann teagmháil theagmhasach le strainséir nach raibh sí ag dréim leis i mbusáras i dtír choimhthíoch ar an scéalaí í féin a cheistiú go domhain nuair a chluineann sí scéal ó bhéal duine nach bhfuil leath chomh hádhúil léi féin. Scéal láidir a théann i bhfeidhm ar an léitheoir mar an gcéanna leis an scéalaí, á léamh anseo ag Caoimhe Ní Chonchoille.

    Maeirí le Réaltán Ní Leannáin

    Maeirí le Réaltán Ní Leannáin
    Bíonn mistéir neamhghnách le fuascailt ag na gardaí i mBaile na gCoimhthíoch nuair a fhaigheann siad glaoch ó bhall d'Interpol faoi chás amhrasach a táthar a fhiosrú sa Ghearmáin a bhaineann le seanbhean ón cheantar. Éist le Joe Ó Dónaill ag léamh an scéal "Maeirí" le Réaltán Ní Leannáin agus leis an chomhrá bhríomhar a bhíonn aige le haoi-láithreoir an eagráin speisialta seo, Caitlín Nic Íomhair.

    Maggie, Girl agus an Stoirm

    Maggie, Girl agus an Stoirm
    Faigheann muid fianaise sa scéal seo ar shaol atá ag sleamhnú uainn agus ar bhean atá ar a dícheall streachailt leis an tsaol ar achan dhóigh, gan de shuaimhneas aici ach a madadh dílis. Ach an bhfuil drochthuar faoi bhun na spéire? Éist le Póilín Nic Géidigh ag léamh Maggie, Girl agus an Stoirm le Michelle Nic Pháidín.
    Logo

    © 2024 Podcastworld. All rights reserved

    Stay up to date

    For any inquiries, please email us at hello@podcastworld.io