Logo

    scã©al

    Explore "scã©al" with insightful episodes like "Ón Spéir Anuas le Danny Brown", "Soineann le hEithne Ní Ghallchobhair", "Maggie, Girl agus an Stoirm", "Camchuairt le Déirdre Ní Grianna (Gaeilge)" and "An Cloigeann le Seán Ó Dúrois" from podcasts like ""Bláth na dTulach", "Bláth na dTulach", "Bláth na dTulach", "Bláth na dTulach" and "Bláth na dTulach"" and more!

    Episodes (5)

    Ón Spéir Anuas le Danny Brown

    Ón Spéir Anuas le Danny Brown
    Tá domhan Fatima scriosta ag an choimhlint agus na hionsaithe sheasta a bhíonn uirthi a fhulaingt thar na blianta, ach ní bheadh a fhios sin agat óna méin agus óna stuaim agus ón dóigh dhiongbháilte a chaitheann sí a saol. Sa scéal chumhachtach seo tugann Danny Brown muid isteach go croí na coimhlinte agus aimsíonn sé dúinn an croí dhaonna. Arna léamh anseo ag Siuán Ní Mhaonaigh.

    Soineann le hEithne Ní Ghallchobhair

    Soineann le hEithne Ní Ghallchobhair
    Scéal prósfhilíochta le hEithne Ní Ghallchobhair ina ndéanann sí ceiliúradh liriceach ar mhóimintí áthais agus dúiseachta i saol pháiste óig. Inniúchadh céadfach trí theanga agus trí fhoclaíocht ar an domhan trí shiúile shoineanta an pháiste. Arna léamh ag Sinéad de Gallaí.

    Maggie, Girl agus an Stoirm

    Maggie, Girl agus an Stoirm
    Faigheann muid fianaise sa scéal seo ar shaol atá ag sleamhnú uainn agus ar bhean atá ar a dícheall streachailt leis an tsaol ar achan dhóigh, gan de shuaimhneas aici ach a madadh dílis. Ach an bhfuil drochthuar faoi bhun na spéire? Éist le Póilín Nic Géidigh ag léamh Maggie, Girl agus an Stoirm le Michelle Nic Pháidín.

    Camchuairt le Déirdre Ní Grianna (Gaeilge)

    Camchuairt le Déirdre Ní Grianna (Gaeilge)
    Scéal mistéireach faoi thuras trí dhúichí deoranta, áit a gcastar le duine de sheans a thugann oscailt súl agus ábhar machnaimh don phríomhcharachtar. Tá an scéal fíorspéisiúil seo le Déirdre Ní Grianna á léamh ag an aisteoir Conallach Mairéad Dinny Ní Ghallchóir, agus ina dhiaidh, tá comhrá bríomhar leis an eagarthóir Réaltán Ní Leannáin ina spíonann siad an scéal agus fiosraíonn siad na téamaí agus an tírdhreach cultúrtha as a dtagann sé.

    An Cloigeann le Seán Ó Dúrois

    An Cloigeann le Seán Ó Dúrois
    Tógann an scéal físiúil seo le Seán Ó Dúrois siar muid go dtí an Ré Dhorcha, áit a bhfuil ard-ealaín agus ard-cheardaíocht ag maireachtáil taobh le taobh leis an bhrúidiúlacht mharfach. Coinníonn an scéalaí ar fionraí muid tríd an scéal ... an bhfuil muid ar thuras i dtreo an tsolais nó an gcaitear siar níos faide muid sa dorchadas? Á léamh ag an aisteoir agus scríbhneoir clúiteach Niall Mac Eachmharcaigh le comhrá bríomhar faoin scéal ina dhiaidh.
    Logo

    © 2024 Podcastworld. All rights reserved

    Stay up to date

    For any inquiries, please email us at hello@podcastworld.io